An Bord

 

An Bord

 

1. Rose Hynes, Cathaoirleach
Ceapadh Rose Hynes don Bhord i Meitheamh 2006 agus ceapadh ina Cathaoirleach í in Iúil 2009. Tá an tUas. Hynes ina cathaoirleach ar an gCoiste Luach Saothair agus ina ball den Choiste Infheistíochta/Bonneagair chomh maith. Tá an tUas. Hynes, bean atá ina dlíodóir, ina Stiúrthóir Sinsearach Neamhspleách ar Total Produce plc, ina Cathaoirleach ar a Choiste Luach Saothair agus ina ball dá Choistí Iniúchóireachta agus Ainmniúcháin. Is ball de Chúirt Bhanc na hÉireann í agus is ball í dá Coistí Luach Saothair, Ainmniúcháin agus Rialachais agus Riosca chomh maith. Tá sí ina stiúrthóir chomh maith ar roinnt comhlachtaí eile. Bhí roinnt poist fheidhmiúcháin shinsearacha ag an Uas. Hynes roimhe seo ag GPA Group plc agus is iar-bhall boird í de roinnt comhlachtaí, amhail Shannon Airport Authority plc, Aer Lingus Group plc agus Concern.
 
2. John Mullins, Príomhfheidhmeannach
Ceapadh John Mullins ina Phríomhfheidhmeannach ar Bhord Gáis i Nollaig 2007 agus ceapadh é chun an Bhoird chomh maith i Nollaig 2007. Tá an tUas. Mullins ina bhall den Choiste Infheistíochta/Bonneagair. Bhí poist shinsearacha bhainistíochta aige ag Greenstar, ESB, ESB International agus PricewaterhouseCoopers agus bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Bioverda, dream atá ina gcuid de Ghrúpa NTR plc sular chuaigh sé isteach i mBord Gáis. Is Comhalta é de chuid Innealtóirí na hÉireann agus is ball é de Chomhlacht Ceannais UCC. Tá sé ina Leas-Uachtarán chomh maith ar Chomhlachas Tráchtála Chorcaí, ina Chathaoirleach ar Charthanas Anam Cara agus ina Stiúrthóir ar Fhondúireacht COPE.
 
3. Laurence Crowley
Ceapadh Laurence Crowley chuig an mBord i Lúnasa 2009. Is ball é an tUas. Crowley den Choiste Iniúchóireachta agus Airgeadais agus den Choiste Riosca. Tá sé ina Chathaoirleach ar Gaisce – Gradam an Uachtaráin, Ecocem Materials, An Smaoineamh Mór agus Realex Payments, chomh maith le bheith ina Chomhchathaoirleach ar an nGrúpa Comhchéime Thuaidh Theas, ina bhall de Bhord Aer Lingus Group plc, Amharclann an Gheata, Ionad Choillidh Chanannáin um Uathachas agus an Institiúid um Thaighde Eacnamaíoch agus Sóisialta. Bhí an tUas. Crowley mar stiúrthóir agus mar Ghobharnóir ina dhiaidh sin ar Bhanc na hÉireann, mar Chathaoirleach Feidhmiúcháin ar Scoil Ghnó Iarchéimithe Michael Smurfit ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus mar stiúrthóir de chuid Rothmans International plc agus Elan Corporation plc.
 

4. Laurence K. Shields
Ceapadh Laurence K. Shields chun an Bhoird i Meitheamh 2009 agus is é Cathaoirleach an Choiste Infheistíochta/Bonneagair agus ball den Choiste Luach Saothair. Is Cathaoirleach agus comhpháirtí bunaithe de chuid Dhlíodóirí LK Shields, Baile Átha Cliath, é. Bhí an tUas. Shields mar Uachtarán an Chumainn Dlí in Éirinn agus mar Uachtarán Chumann Barra Dhlíodóirí Bhaile Átha Cliath. Is Iar-Stiúrthóir agus Stiúrthóir Malartach é de chuid Irish Takeover Panel Limited. Is comhalta é de chuid Institiúid Chairte na nEadránaithe, tá sé ina Idirghabhálaí Creidiúnaithe agus ina Stiúrthóir de chuid roinnt comhlachtaí.

 
5. Aidan Eames
Ceapadh Aidan Eames chuig an mBord i Márta 2004 agus athcheapadh ina dhiaidh sin é i Meitheamh 2009. Ta an tUas. Eames ina Chathaoirleach ar an gCoiste Riosca agus ina bhall den Choiste Iniúchóireachta agus Airgeadais agus den Choiste Luach Saothair. Is é Príomhaí Eames Solicitors, Baile Átha Cliath. Bhí an tUas. Eames mar Chathaoirleach agus ball de roinnt comhlachtaí stáit agus feidhmíonn sé mar chomhairleoir do chomhlachtaí ceannródaíocha tráchtála, teicneolaíochta agus teileachumarsáide. Ceapadh an tUasal Eames mar Stiúrthóir de chuid Anglo Irish Bank Corporation Limited i mBealtaine 2010. Tá sé ina bhall chomh maith de Choiste Iniúchóireachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
 
6. Proinsias Kitt
Tá Proinsias Kitt ina bhall den Bhord ó Aibreán 2002. Tá an tUas. Kitt ina chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Airgeadais agus is ball é den Choiste Riosca. Tá sé ina Chomhpháirtí Bainistíochta sa ghnólacht chomhairleach ghnó DHKN Chartered Accountants, dream a bhfuil oifigí acu i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath agus is é ceann de na cleachtais neamhspleácha Iniúchóireachta/Cánachais/Cuntasaíochta is mó in Éirinn agus breis is 100 duine á bhfostú acu. Le cúig bliana is fiche anuas, tá comhairle tugtha ag an Uas. Kitt ar idirbhearta suntasacha tráchtála san fhiontraíocht earnála príobháidí agus poiblí araon agus tá saineolas ar leith aige ar dhéileáil le gnólachtaí dúchasacha Éireannacha a bhíonn á mbainistiú ag na húinéirí. Is comhalta é de chuid Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn agus d’oibrigh sé ar a Coiste Gnáthchleachtas agus tá sé ina bhall den Chumann Iniúchóireachta Inmheánaí.
 
7. Joe O’Flynn
Ceapadh Joe O’Flynn, Ard-Rúnaí SIPTU, chun an Bhoird i Samhain 2008 mar Bhall Boird a bhí ainmnithe ag ESOP. Is ball den Choiste Iniúchóireachta agus Airgeadais agus den Choiste Infheistíochta/Bonneagair é an tUas. O’Flynn. Is iar-Ardmhéara de chuid Chorcaí agus iar-Chomhairleoir Cathrach é agus is stiúrthóir é chomh maith ar thrí chomhlacht atá cleamhnaithe le SIPTU, an Institiúid um Fhorbairt Seirbhísí do Dhul Chun Cinn Fostaíochta, Iontaobhas Chearchumainn na hÉireann agus Ionad Larcon – an comhlacht rialaithe le haghaidh Ionad na dTaibh-Ealaíon i Halla na Saoirse. Tá sé ina Chisteoir chomh maith ar Chomhdháil na gCeardchumann agus ina bhall dá Comhairle Feidhmiúcháin.
 
8. Mike O’Hara
Ceapadh Mike O’Hara chuig an mBord i Nollaig 2007 agus is ball é den Choiste Luach Saothair. Is Leas-Uachtarán Sinsearach é an tUas. O’Hara ag Smith agus Nephew, comhlacht domhanda teicneolaíochta leighis atá bunaithe sa RA. Bhí sé ina Leas-Uachtarán Oibríochtaí Grúpa roimhe seo ag Boston Scientific Corporation agus é freagrach as suíomhanna éagsúla déantúsaíochta in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe. Tá breis is 20 bliain de thaithí aige sa Tionscal Ilnáisiúnta Gléasanna Leighis in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
 
9. Imelda Hurley
Ceapadh Imelda Hurley chun an Bhoird i Samhain 2010. Is ball den Choiste Iniúchóireachta agus Airgeadais agus den Choiste Riosca í an tUas. Hurley. Tá an tUas. Hurley mar Stiúrthóir Airgeadais Grúpa ag Greencore Group plc (‘Greencore’) faoi láthair. Ó chuaigh sí isteach i Greencore i 2001, bhí roinnt poist cheannaireachta shinsearacha ag an Uas. Hurley, amhail Stiúrthóir Bainistíochta Airgeadais agus Ceann Caidreamh Infheisteoirí, Stiúrthóir Airgeadais Bianna Áise, Rialtóir Airgeadais Grúpa agus Bainisteoir Tráchtála agus Airgeadais Grúpa. Tá sí ina stiúrthóir ar roinnt comhlachtaí taobh istigh de Greencore. Sula ndeachaigh sí isteach i Greencore, bhí sí ina bainisteoir taobh istigh de chleachtas comhairleach Iniúchóireachta agus Gnó Arthur Andersen. Tá céim bhaitsiléara aici sa Staidéar Gnó agus is Comhalta í d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn.