Tuarascáil na nIniúchóirí Neamhspleáchas

chuig Comhaltaí Bhord Gáis Éireann

 

Tá iniúchadh déanta againn ar ráitis airgeadais Bhord Gáis Éireann (“an Grúpa”) don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2009, atá comhdhéanta den Chuntas Brabúis agus Caillteanais Comhdhlúite, na Cláir Chomhardaithe Chomhdhlúite agus Cláir Chomhardaithe an aonáin sealúchais, an Ráiteas Comhdhlúite ar Shreabhadh Airgid, an Ráiteas Comhdhlúite ar Ghnóthachain agus Caillteanais Iomláin Aitheanta agus na nótaí bainteacha 1 go 35. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais seo faoi na beartais chuntasaíochta atá leagtha amach sa Ráiteas ar Bheartais Chuntasaíochta.

 

Is chuig na comhaltaí amháin atá an tuarascáil seo dírithe, de réir Alt 15 den Acht Gáis 1976. Rinneadh ár n-obair iniúchta ionas go mbeimis in ann na cúrsaí sin ar chóir dúinn cur in iúl chuig na comhaltaí i dtuarascáil iniúchta a chur in iúl dóibh, gan chuspóir ar bith eile a bheith i gceist. Chomh fada agus is féidir de réir an dlí, ní ghlacaimid aon fhreagracht do dhuine ar bith seachas do Bhord Gáis Éireann agus dá chomhaltaí i dtaca lenár n-obair iniúchta, leis an tuarascáil seo, nó leis na tuairimí a rinneamar.

 

Freagrachtaí faoi seach an Bhoird agus an iniúchóra
Tá an Bord freagrach as an Tuarascáil Bhliantúil a ullmhú, lena n-áirítear mar atá leagtha amach sa Ráiteas ar Fhreagrachtaí an Bhoird, na ráitis airgeadais a ullmhú de réir an dlí infheidhmithe agus de réir na gcaighdeán cuntasaíochta a d’eisigh Bord na gCaighdeán Cuntasaíochta agus a d’fhoilsigh Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (Cleachtas Cuntasaíochta Coitianta in Éirinn).

 

Is í an fhreagracht atá againn, mar iniúchóir neamhspleách, na ráitis airgeadais a iniúchadh de réir na gceanglas ábhartha dlí agus rialála agus na gCaighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchóireacht (RA agus Éire).

 

Táimid ag cur ár dtuairime in iúl daoibh maidir le cé acu a léargas fíor agus coir iad na ráitis airgeadais, de réir an Chleachtais Cuntasaíochta Choitianta in Éirinn. Táimid ag cur ár dtuairime in iúl dóibh chomh maith maidir le: cé acu an raibh nó nach raibh leabhair chearta chuntasaíochta coinnithe ag Bord Gáis Éireann; agus an aontaíonn an t-eolas atá i dtuarascáil an Bhoird leis na ráitis airgeadais, nó nach n-aontaíonn. Ina theannta sin, tuairiscímid mura bhfuil an t-eolas ag na míniúcháin go léir faighte againn le haghaidh cuspóirí ár n-iniúchta, agus cé acu an aontaíonn an clár comhardaithe aonaín sealbhaíochta leis na leabhair chuntasaíochta, nó nach n-aontaíonn.

 

Athbhreithnímid cé acu an léiríonn an ráiteas ar rialú inmheánach airgeadais atá éilithe ag an gCód Cleachtais maidir le Rialachas na gComhlachtaí Stáit a rinne an Bord comhlíonadh an Ghrúpa le forálacha ábhartha an Chóid, nó nach léiríonn, agus tuairiscímid mura léiríonn.

 

Léimid an t-eolas eile atá sa tuarascáil bhliantúil agus breithnímid ar na himpleachtaí dár dtuarascáil má chuirtear ar an eolas muid faoi aon mhíráiteas follasach nó faoi aon neamh-chomhsheasmhachtaí ábharacha leis na ráitis airgeadais. Níl san eolas eile ach Tuarascáil an Bhoird, Ráiteas an Chathaoirligh, Athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh agus an tAthbhreithniú Airgeadais. Ní bhaineann na freagrachtaí atá againn le heolas ar bith eile.

 

Bunús na tuairime iniúchta
Rinneamar ár n-iniúchadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchóireacht (RA agus Éire) a d’eisigh an Bord um Chleachtais Iniúchóireachta. Is cuid den iniúchadh scrúdú, ar bhonn tástála, ar an bhfianaise a bhaineann leis na suimeanna agus an nochtadh sna ráitis airgeadais. Clúdaíonn sé freisin measúnú ar na meastacháin agus na breithiúnais shuntasacha a rinne an Bord agus é ag ullmhú na ráiteas airgeadais, agus cé acu an bhfuil na beartais chuntasaíochta oiriúnach d’imthosca an Ghrúpa nó nach bhfuil, agus ar cuireadh i bhfeidhm go comhsheasmhach iad agus an ndearnadh iad a nochtadh go leordhóthanach.

 

Phleanálamar agus rinneamar ár n-iniúchadh ionas go bhfaighimis gach eolas agus míniú a mheasamar a bheith riachtanach chun leordhóthain fianaise a fháil chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó aon mhíráiteas ábharach, cibé acu de bharr calaoise nó de bharr mírialtachta nó earráide eile. Chun teacht ar ár dtuairim mheasamar freisin cé chomh sásúil is a bhí cur i láthair an eolais sna ráitis airgeadais.


Tuairim
Is é ár dtuairim go dtugann na ráitis airgeadais léargas fíor agus coir, de réir an Chleachtais Chuntasaíochta Choitianta in Eirinn, ar ghnóthaí an Ghrúpa agus an aonáin sealbhaíochta amhail an 31 Nollaig 2009 agus ar bhrabús an Ghrúpa don bhliain dar críoch sin.

 

Fuaireamar an t-eolas agus na míniúcháin ar fad a mheasamar a bheith riachtanach le haghaidh cuspóirí ár n-iniúchta. Is é ár dtuairim gur choinnigh Bord Gáis Éireann leabhair chearta chuntasaíochta. Aontaíonn clár comhardaithe an aonáin sealbhaíochta lena leabhair chuntais. Is é ár dtuairim go bhfuil an t-eolas atá i dTuarascáil an Bhoird comhsheasmhach leis na ráitis airgeadais.


 

Cuntasóirí Cairte agus Iniuchóirí Cláraithe
Corcaigh
30 Márta 2010


Nótaí: Ní thugann iniúchadh dearbhú ar chothabháil agus ar ionracas an láithreáin gréasáin, lena n-áirítear rialúcháin leis seo a bhaint amach, agus go háirithe cé acu an raibh athruithe ar bith ar na ráitis airgeadais ó foilsíodh iad, no nach raibh. Is iad Comhaltaí an Bhoird atá freagrach as na cúrsaí seo, ach ní féidir le modhanna oibre rialaithe dearbhú iomlán a thabhairt sa réimse seo.

 

Tá reachtaíocht in Éirinn a rialaíonn ullmhú agus scaipeadh de ráitis airgeadais éagsúil ó reachtaíocht i dtíortha eile.