Fuinneamh
|
||

| • | Is é Fuinneamh Bord Gáis ball miondíola Bhord Gáis ag díol gáis agus leictreachais do gach roinn den mhargadh agus imeachtaí gaolmhara aige lena n-áirítear bainisteoireacht lárionad na nglaonna, billeáil agus díol agus margaíocht. D’fhógair sé réimse nua táirgí agus seirbhísí de Sheirbhísí Tí tíosach ar fhuinneamh do chustaiméirí sa bhliain 2009, ag tógáil ar a ghnó deisithe fearais rathúil. Chuaigh Fuinneamh Bord Gáis isteach sa mhargadh cónaitheach leictreachais in Éirinn i bhFeabhra 2009 agus freastalaíonn sé anois ar níos mó ná 330,000 custaiméir leictreachais anuas ar 620,000 custaiméir gáis nach mór. |
| • | Tá Trádáil Bhord Gáis freagrach as soláthar an gháis agus an leictreachais, bainisteoireacht an phriacail agus straitéisí fálaithe. Ceannaíonn foireann thiomanta Trádála Fuinnimh agus iad ag oibriú 19 uaire in aghaidh an lae, gás agus leictreachas ar mhargaí mórdhíola. Oibríonn Trádáil Bhord Gáis de réir an chleachtais idirnáisiúnta is fearr, déantar í a thagarmharcáil in éadan an mhargaidh ar fhoirmle rialúcháin agus tá sé cruthaithe go soláthraíonn sí fuinneamh go héifeachtach. |
| • | Tá Infheistíochtaí Bord Gáis freagrach as saothrú agus forbairt na ndeiseanna foráis i sócmhainní ar na margaí fuinnimh in Éirinn ag cur boinn faoin straitéis chun a bheith mar an comhlacht ceannasach fuinnimh dhébhreosla. Tá an t-aonad faoi láthair ag tógáil monarcha chumhachta ghásadhainte 445MW, ag oibriú 218MW de ghiniúint ghaoithe agus 565MW breise de ghiniúint ghaoithe á forbairt, agus tá sé ag infheistiú i suas le 300MW de ghléasraí buactha chun tacaíocht a thabhairt don fhuinneamh inathnuaite. Tá sé freisin ag luacháil a inmharthana agus a bheadh sé áis stórála gáis chuasán salainn a fhorbairt i dTuaisceart Éireann. |
FUINNEAMH BHORD GÁIS
Díol Leictreachais
Chuaigh Fuinneamh Bord Gáis isteach i ngnó an mhargaidh leictreachais sa bhliain 2001. Bhí scair timpeall 8% den mhargadh soláthar leictreachais de réir toirte gnóthaithe aige faoi dheireadh na bliana 2008.
Gné bhunúsach de straitéis chorparáideach Bhord Gáis ba ea dul isteach sa mhargadh cónaitheach leictreachais d’fhonn scála criticiúil a chur i gcrích ar na margaí fuinnimh miondíola agus é seo a dhéanamh trína bhranda a bhfuil ardmheas air, a chórais seirbhíse custaiméara agus a shaineolas margaíochta a chur chun tairbhe. Cuireadh seo i gcrích go han-rathúil i bhFeabhra 2009 agus ráta fála custaiméara ann de bharraíocht go mór ar thaithí na margaí fuinnimh dírialaithe i dtíortha eile: d’athraigh níos mó ná 300,000 custaiméir leictreachais sa chéad deich mí ó mhargadh 1.8m teach.
Ag deireadh na bliana 2009, shealbhaigh Fuinneamh Bord Gáis timpeall 12% den mhargadh soláthair leictreachais tar éis gur mhéadaigh sí leath a oiread féin i rith na bliana. Ní áirím go ndeachaigh sé isteach sa mhargadh cónaitheach, chosain Fuinneamh Bord Gáis freisin a scair san earnáil tionsclaíoch/tráchtála mhór an-iomaíoch i rith na bliana 2009 in ainneoin margadh an-luaineach agus lean sé air ag infheistiú sa teascóg SME áit ar mhéadaigh ar líon na gcustaiméirí go dtí curiarracht 25,000.
An Dul isteach sa Mhargadh Cónaitheach Soláthair Leictreachais
Rinneadh taighde domhain ar an tairiscint um sholáthar leictreachais cónaitheach de chuid Fhuinneamh Bhord Gáis agus chruthaigh sé an-tarraingteach do chustaiméirí go háirithe ós rud é go raibh na cinn tí an-mheabhrach ar chostais agus a laige atá an geilleagar. Tairgeann Fuinneamh Bord Gáis laghdú íosta 10% ar rátaí BSL (an soláthraí leictreachais a luíonn an dualgas air) agus 2% thairis sin do chustaiméirí an dochair dhírigh agus 2% breise do chustaiméirí gáis an Bhoird Gháis atá ann cheana féin sa chéad bhliain. Ráthaítear lascainí de mhéid íosta 5% don dara agus don tríú bliain.
Roimh an láinseáil, nuashonraigh Fuinneamh Bord Gáis a ionannas radharcach chun cuma níos úire, níos cairdiúla agus níos comhaimsirí a thabhairt dó a fhad agus a choinnigh sé oidhreacht an bhranda athartha.
Bhí an feachtas margaíochta um láinseáil an leictreachais chónaithigh thar a bheith rathúil agus chorpraigh sé go leor eilimintí nuála:
| • | Ainm feachtais an-simplí ach an-éifeachtach – An ’Big Switch’; |
| • | Feachtas fógraíochta an-suntasach iomlánaithe ollmheán ag léiriú Lucy Kennedy pearsa cáiliúil in RTÉ; |
| • | Suíomh idirlín idirghníomhach seas leat féin – d’úsáid leath díobh siúd a d’athraigh an bealach seo ar chostas íseal; |
| • | Mionteagasc réamhfheachtais leis an gcomhphobal blagála; |
| • | Aonad teagmhála tiomanta custaiméara glacaim leat; |
| • | Lárionad díola amach agus fórsa díola ó dhoras go doras ardoilte. |
Tá leibhéal ghlactha chuige na gcustaiméirí idirlíonbhunaithe gan fasach in Éirinn agus shainmhínigh sé cur chuige nua éifeachtach i leith margaíocht chustaiméara agus cumarsáidí.

Feidhmíocht Fhuinneamh Bhord Gáis sa bhliain 2009
Laghdaigh ar láimhdeachas seachtrach Fhuinneamh Bhord Gais le 4% go €1,161 milliún sa bhliain 2009 faoi mar a chuaigh an t-éileamh íslithe ar ghás in éineacht le praghsanna gáis laghdaithe i bhfeidhm ar dhíol méadaithe an leictreachais.
D’fhulaing Fuinneamh Bord Gáis caillteanas roimh ús agus cáin €4 milliún sa bhliain 2009 i gcomparáid le brabús €13 milliún sa bhliain 2008 agus an difríocht de bharr go leor athróg lena n-áirítear an costas dula isteach sa mhargadh cónaitheach leictreachais. Laghdaigh ar thoirt an díola gháis le 3% thar thoirteanna 2008. Léiríonn sé seo gníomhaíocht eacnamaíoch laghdaithe agus meabhraíocht níos mó ar an éifeachtacht fuinnimh.
Taobh istigh den Fhuinneamh, chuimsigh díol cónaitheach an gháis 35% de na toirteanna gáis a díoladh agus an díol tionsclaíoch/tráchtála ag 33%. Chuimsigh an díol don earnáil ghiniúna cumhachta an 32% eile.
An Earnáil Chónaitheach – Gás
D’fhás líon na gcustaiméirí cónaitheacha Fuinnimh le 1% go nios mó ná 600,000 sa bhliain 2009. Laghdaigh ar thoirteanna díola cónaitheacha le 5%, ag léiriú an timpeallacht achrannach eacnamaíoch agus tomhais éifeachtachta fuinnimh a ndeachaigh an geimhreadh fuar i gcionn orthu roinnt ag deireadh na bliana 2009.
An Earnáil Tionsclaíoch/Tráchtála – Gás
San earnáil Tionsclaíoch/Tráchtála, mheath líon custaiméirí gáis Fuinnimh go 17,000 ag deireadh na bliana 2009, glanlaghdú 22% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Léirigh an díol de thoirt níos ísle 13% an scair laghdaithe margaidh agus an turnamh ginearálta eacnamaíoch.
San earnáil níos mó tionsclaíoch/tráchtála, an Fhoirmle Táille Rialaithe (FTR) agus an earnáil CHP, bhí an díol toirte thíos 14% ag léiriú tnáitheadh breise an chustaiméara faoi mar a theorannaíonn srianta rialaithe acmhainn an chomhlachta chun a scair chaillte mhargaidh a ghnóthú ar ais san earnáil tábhachtach mhargaidh seo. Coinníonn Fuinneamh Bord Gáis anois níos lú ná 26% den mhargadh FTR.
Praghsanna Miondíola Gháis sa bhliain 2009
Rinneadh praghsanna gáis a chalcadh in Eanáir 2009 arna leanúint ag laghduithe leanúnacha 12% i mBealtaine agus 9.8% ó Dheireadh Fómhair do gach teaghlach agus gnó beag. I Nollaig 2009, rinneadh moladh chun praghsanna gáis a laghdú le 8% breise ó Fheabhra 2010 agus faomhadh sin. Cuireadh na laghduithe seo i gcrích de bharr costas níos ísle na n-earraí agus éifeachtachtaí inmheánacha. An laghdú carnach seo níos mó ná 25% ciallaíonn sé go bhfuil praghsanna miondíola gháis anois 5% níos lú ná na praghsanna a muirearaíodh sa bhliain 2005.
Thaispeáin tuarascáil a d’fhoilsigh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) in Eanáir 2010, ‘Ag Tuiscint an Leictreachais agus Praghsanna Gáis in Éirinn Eanáir – Meitheamh 2009’, go raibh costais gháis in Éirinn go hiondúil níos lú ná an meán AE. Bhí praghsanna gáis ghnó in Éirinn don chéad leath de 2009 níos lú ná an meán do Stáit an EuroLimistéir i leibhéil tomhaltais mheánraoin le suas le 15%. I dtéarmaí phaireacht na cumhachta ceannaigh, tá Éire níos saoire i ngach banda tomhaltais gháis do chustaiméirí cónaitheacha, ag leathadh ó 15% go 30% níos ísle ná an meán AE.
Iomaíocht i Soláthar an Gháis
Dhíol an Soláthar Fuinnimh 42% den ghás a úsáideadh in Éirinn sa bhliain 2009, thuas roinnt ó scair 38% sa bhliain 2008 de bharr go ndearna díol méadaithe san earnáil ghiniúna cumhachta toirteanna ladhdaithe san earnáil chónaitheach agus tionsclaíoch/tráchtála a fhritháireamh. Amach óna gineadóirí cumhachta a fhaigheann agus a sheolann a soláthairtí gáis féin go tipiciúil, tá triúr soláthraithe gáis san iomaíocht go gníomhach le Fuinneamh Bord Gáis faoi láthair. Tá leibhéal ard athraithe bhreosla i measc na n-úsáideoirí san earnáil tionsclaíoch/tráchtála mar a ndíolann Fuinneamh Bord Gáis ar fhoras FTR, agus 74% den díol gáis san earnáil seo arna sholáthar ag iontrálaithe nua.
Osclaíodh go hiomlán an margadh gáis Éireannach don iomaíocht in Iúil 2007, a chiallaíonn go bhféadann soláthraithe malartacha dul san iomaíocht in éadan Fuinneamh Bhord Gáis i ngach roinn den mhargadh lena n-áirítear an earnáil chónaitheach. Leanann an CER air áfach chun táillí Fhuinneamh Bhord Gáis a rialú do na custaiméirí uile seachas iad siúd a thomhalann níos mó ná 9 milliún teirm bliain (an earnáil ghiniúna cumhachta agus custaiméirí an-mhór tionsclaíocha go príomha). A fhad agus a thuigeann Fuinneamh Bord Gáis mian an CER chun forbairt na hiomaíochta a spreagadh, ní chreideann sé gur cóir dó tarlú ar chostas na gcustaiméirí. Creideann Fuinneamh Bord Gáis go bhfuil na srianta reatha ar a thairiscintí táirge in aghaidh leas go leor custaiméirí agus leanfaidh sé air ag déanamh brústocaireachta ar son an athraithe maidir leis seo. Táthar ag súil go gceadófar do Bhord Gáis dul isteach arís sa mhargadh tionsclaíoch ar mhodh neamhrialaithe de bharr gur thit a scair faoi 26%.
Seirbhís Fuinnimh Chustaiméara
Tá sé d’aidhm ag Bord Gáis seirbhís chustaiméara eiseamláireach a sholáthar do chustaiméirí. Feidhmíonn sé múnla eisfhoinsithe agus a lárionad teagmhála arna bhainistiú ag Fexco, páirtí straitéiseach dá chuid. Cuireann Fexco ar fáil lucht oibre solúbtha agus tiomanta a sholáthraíonn seirbhís dearscnaitheach d’ár gcustaiméirí ag teacht lenár gcaighdeáin agus ár luachanna.
In ainneoin an méadú as cuimse sa teagmháil chustaiméara sa bhliain 2009 de thoradh an fheachtais Big Switch, choinnigh Fuinneamh Bord Gáis na caighdeáin seirbhíse chustaiméara ‘is fearr sa rang’ aige. Cuireadh i gcrích go maith amanna freagartha meánacha ar ghlaonna 95% taobh istigh de 20 soicind, a fhad agus nár chuimsigh na gearáin ach 0.5% de na teagmhálacha, leibhéal an-íseal de réir na gcaighdeán fóinte áit a bhfuil an meán ag 1.5%. Ag cur san áireamh gur mhéadaigh ar lion na gcuntas custaiméara le 50% i rith na bliana agus go raibh méadú cosúil sna glaonna custaiméara bhí cothabháil na gcaighdeán seo ina éacht dearscnaitheach arna chur i gcrích ag foireann tiomanta agus dea-oilte. Chumasaigh an córas nua Chúram Custaiméara agus Billeála an fheidhmíocht seo arna chur i bhfeidhm ag deireadh na bliana 2008, ardán dearscnaitheach agus éifeachtach don débhreosla agus do thairiscintí eile ó Fhuinneamh Bord Gáis.
Sa bhliain 2009, ag dámhachtainí CCMA Éireannacha, bhain Fuinneamh Bord Gáis an chéad áit san fheachtas Díola is Fearr nó Telemhargaíochta don obair a rinne sé ar an bhfeachtas Big Switch.
Sárú Cosanta Sonraí
Is é an trua é go raibh sárú slándála sonraí i rith 2009 nuair a goideadh ceithre ríomhaire ghlúine ó oifig de chuid Fhuinneamh Bhord Gáis. Níor criptíodh ceann de na ríomhairí glúine seo mainneachtain i bhfeidhmiú an pholasaí chomhlachta ar tugadh aghaidh uirthi láithreach. Bhí ar áireamh sa ríomhaire neamhchriptithe ainmneacha, seoltaí agus sonraí cuntais bhainc níos mó ná 90,000 custaiméir a chuir isteach chun go n-athrófaí iad go Bord Gáis don soláthar leictreachais.
Cuireadh scéala chuig na Gardaí agus chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí a luaithe agus a thángthas ar an ngoid agus a raibh ar áireamh sa ríomhaire. Sheol Bord Gáis imscrúduithe uileghabhálacha ar chúiseanna an tsáraithe slándála sonraí in éineacht le saineolaithe seachtracha agus chuir sé i bhfeidhm na hathruithe ba ghá chun a chinntiú nach dtarlaíonn sáruithe arís. Glacadh leis na trí mholadh ó Oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí agus beartaíodh maidir leo.
Cuireadh faisnéis chuig gach custaiméir ar bhain an scéal dó trí litir agus bunaíodh líne chúnaimh speisialta chun déileáil le ceisteanna agus cúraimí. Ghabh Fuinneamh Bhord Gáis a leithscéal leis na custaiméirí agus thairg sé bearta cúitimh a chur ar fáil dá dtarlódh aon sárú ar fhaisnéis nó ionannas an chustaiméara de thoradh na heachtra seo. Níor tharla aon sárú dá shórt go nuige seo agus táthar ag déanamh faireacháin ar an gceist i gcónaí.
Fuinneamh Inacmhainne
Tá Fuinneamh Bord Gáis an-mheabhrach gurb í taithí roinnt custaiméirí acu go bhfuil sé deacair orthu ó am go ham freastal ar chostas téimh a dtithe. Oibríonn an comhlacht go dlúth le agus tacaíonn sé eagraíochtaí mar St. Vincent de Paul Society (SVP), MABS, agus ALONE, a oibríonn leo siúd a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu trí chomhairle phraiticiúil a thairiscint dóibh agus/nó tacaíocht airgid.
I ndiaidh an tréimhse fhada den aimsir fhuar thar Nollaig 2009 agus Athbhliain 2010, rinne Bord Gáis bronntanais bhreise €1 milliún san iomlán a thabhairt do SVP agus ALONE chun a chur ar a gcumas cúnamh breise a thairiscint dóibh siúd is mó atá ina ghá a bhfuil billí níos airde breosla acu. Tugadh faisnéis faoi infhaighteacht na gcistí breise seo do chustaiméirí in iarracht chun a chinntiú go gcoinneodh seanchustaiméirí agus custaiméirí leochaileacha leibhéil imleora téimh agus iad feasach go mbeadh cúnamh leis na billí ag teacht.
Urraíocht
Mar chuid den fhorbairt phróifíle aige agus ag cur san áireamh an t-aistriú isteach sa mhargadh miondíola leictreachais agus margadh sprice náisiúnta aige den chéad uair, d’infheistigh Fuinneamh Bord Gáis i roinnt clár urraíochta tráchtála i rith 2009. Tá na hurraíochtaí seo mar chuid de straitéis chomhsheasmhach dírithe ar an óige, ar an bhfolláine agus ar imeachtaí pobalbhunaithe a fhad agus a thugann siad tacaíocht d’eagraíochtaí a bhfuil taobh suntasach tairisceana seirbhíse acu.
Féachann Fuinneamh Bord Gáis freisin leis na cláir a urraíonn sé a mhéadú trína shaineolas margaíochta agus forbartha táirge a chur i bhfeidhm ar imeachtaí tacaíochta a thosú d’fhonn líon níos mó daoine a spreagadh chun a bheith páirteach. Chruthaigh na cláir urraíochta seo an-rathúil i dtéarmaí freastal ar an neamhchosaint agus spriocanna meabhraíochta luachanna an bhranda. Tá sé pleanáilte ag Fuinneamh Bord Gáis leanúint den infheistíocht in imeachtaí ceana na gcomhphobal ar fud na tíre.
D’áirigh na hurraíochtaí a beartaíodh sa bhliain 2009: Craobhchomórtas Faoi 21 Iomána CLG; Maratón Chathair Chorcaí; Sraithchomórtas Peile na mBan; Comórtas Grianghrafadóireachta Gabh an Chumhacht do dhaoine óga; dámhachtainí IRUPA; Dámhachtainí na Meán Éireannach; clár ‘Heat’ TF RTÉ; agus soilsí na Nollag do lucht trádála i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus in go leor bailte eile.
Seirbhísí Eifeachtachta Fuinnimh
Sa bhliain 2009, d’fhógair Bord Gáis go raibh sé ag forbairt tionscnamh nua Seirbhísí Baile a chuirfidh ar fáil do chustaiméirí ionad ilfhreastail do réimse 22 táirge agus seirbhís tíosach ar fhuinneamh. Agus é ag réimniú ó theirmeastait go painéil ghréine agus ó ghráduithe BER go hinsliú cuirfidh an réimse ar chumas na n-úinéirí tithe agus gnó chun táirgí níos tíosaí ar fhuinneamh a reitreaghléasadh agus costais fuinnimh a laghdú agus astuithe carbóin a ísliú dá réir. Déanfar an réimse a leathnú amach sa bhliain 2010 trí pháirtithe eisfhoinsithe agus is leathnú tráthúil é ar ghnó seirbhísithe fearais iontaofa an chomhlachta.
D’fhógair Bord Gáis freisin beart €1.8 milliún sa bhliain 2009 le Ceres Power atá bunaithe sa RA chun táirgí beaga Comhcheangailte Teasa agus Cumhachta (Micrea-CHP) ar mhionscála a chur ar fáil don mhargadh cónaitheach. Tá na táirgí Micrea-CHP seo bunaithe ar theicneolaíocht úrscothach na cille breosla agus oibríonn siad ar ghás nádúrtha. Táthar ag súil go dtosófar ar fhorbairt agus triail na dtáirgí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2010 agus leathnú amach lánmhargaidh sa bhliain 2012.
TRÁDÁIL BHORD GÁIS
Tá Trádáil Bhord Gáis freagrach as soláthar an gháis agus an leictreachais, bainisteoireacht an phriacail agus straitéisí fálaithe. Ceannaíonn foireann tiomanta Trádála Fuinnimh a oibríonn 19 uaire in aghaidh an lae, gás agus leictreachas ar na margaí mórdhíola. Oibríonn Trádáil Bhord Gáis ag teacht leis an gcleachtadh idirnáisiúnta is fearr, déantar é a thagarmharcáil in éadan an mhargaidh ar fhoirmle rialaithe agus tá sé cruthaithe go soláthraíonn sé fuinneamh go héifeachtach.
D’fhabhraigh polasaí soláthair Trádáil Bhord Gáis le himeacht ama agus tá sé bunaithe ar go leor blianta den taithí trádála. Agus a chastacht agus a luainí atá na margaí mórdhíola idirnáisiúnta gáis agus leictreachais, leanann an comhlacht air chun a mheascán soláthair agus a fhoinsí soláthair gháis agus an leictreachais a éagsúlú.
Soláthairtí Gáis
I dtéarmaí sholáthar an gháis, faigheann Trádáil Bhord Gáis cuid dá riachtanais soláthar gáis ó mhachaire an tSeanChinn, áit a n-oibríonn sé freisin comhaontú stórála le Fuinneamh Chionn tSáile Teoranta. Cuireann an comhaontú stórála seo ar chumas Fuinneamh Bhord Gáis gás a instealladh i rith míonna an tsamhraidh chun freastal ar an mbuaicéileamh i rith an gheimhridh. Táthar ag brath go láidir freisin ar sholathairtí gáis a fháil ó mhargadh gáis na Ríochta Aontaithe, áit a bhfaigheann Éire thar 90% dá riachtanais gháis. Tá punann ag Trádáil Bhord Gáis maidir le connarthaí ceannaigh gáis le go leor táirgeoirí agus trádalaithe gáis ag oibriú i margadh gáis mórdhíola na Ríochta Aontaithe. Úsáideann an t-aonad freisin táirgí stórála gáis ag áiseanna sa RA chun bainisteoireacht an bhuaicéilimh agus luaineacht an phraghais ráithiúil a bharrfheabhsú.
D’fhorbair Trádáil Bhord Gáis straitéisí folláine fálaithe agus bainisteoireachta priacail chun an neamhchosaint i leith na luaineachta gearrthéarmaí a mhaolú agus chun a chur ar chumas Fuinneamh Bhord Gáis buntáiste a bhaint as forbairtí praghais thar thréimhse níos faide.

Praghsanna Mórdhíola Gáis
Agus sinn i dtuilleamaí 90% de sholáthairtí gáis allmhairithe ón Ríocht Aontaithe, tá praghas mórdhíola an gháis in Éirinn faoi réir go nádúrtha agus innéacsaithe chun an phraghais trádáilte agus faoi réir freisin ag forbairtí/tionchair ar mhargadh gáis na Ríochta Aontaithe. Tá margadh gáis na RA ar an margadh is mó san Eoraip le héileamh c. 100 bcm/in aghaidh na bliana. Úsáideann Éire c. 5bcm.in aghaidh na bliana.
Feidhmíonn an RA mar ghlanallmhaireoir gáis ar feadh na bliana ní hamháin i rith buaicmhíonna an gheimhridh. A fhad agus atá an tuilleamaí meánach allmhairithe ag 33% athraíonn an tuilleamaí iairbhír ar lá áirithe idir c. 25% agus 50%, sa chaoi go mbíonn éifeacht suntasach ar an margadh ag aon athrú ar shruthanna allmhairithe idir dhearfach agus dhiúltach.
Forbairtí ar an Margadh Gáis sa bhliain 2009
Go stairiúil, cheanglófaí an praghas gáis mórdhíola sa RA leis na praghsanna ola atá i réim, de bharr na hidirnascachta airde leis na margaí Mór-Roinne áit a bhfuil an claonadh connarthaí fadtéarmacha gáis a innéacsú chun ola ar bhonn moillithe, sé mhí go tipiciúil.
Chuir an turnamh eacnamaíoch domhanda faoi deara laghduithe san éileamh fuinnimh go domhanda. Dá thoradh seo, bhí líon mór lastas breise Gáis Nádúrtha Leachtaithe (GNL) infhaighte do na spotmhargaí. Chuaigh an soláthar breise seo chun tairbhe go mór don RA agus sruthanna láidre follasach ag na háiseanna nua fáiltithe GNL ag Milford Haven i nDeisceart na Breataine Bige. Nuair a chuirtear an t-éileamh laghdaithe leis seo, thit praghsanna gáis laethúla go suntasach sa RA dá bharr agus ba chomhartha suntasach ar an mbliain dícheangal soiléir spotphraghsanna na RA óna praghsanna a bhi le tuiscint óna connarthaí innéacsaithe ola ar Mhór-Roinn na hEorpa.
Bhí méaduithe láidre i dtréimhsí Earraigh agus Samhraidh na bliana 2009 i sruthanna GNL go dtí an Ríocht Aontaithe agus titim iarmartach i bpraghsanna mórdhíola. A fhad agus a bhí spotphraghsanna gáis ‘Ar an Lá’ sa Ríocht Aontaithe ag meán 57p/teirm i rith 2008 thit an meán seo go 30p/teirm i rith 2009. Léiríonn an graf thíos an chodarsnacht sna spotphraghsanna thar an tréimhse 2008 – 2009.
Tá go leor tosca a raibh tionchar acu ar phraghsanna gáis mórdhíola i rith 2009. A fhad agus a bhí an RA ag streachailt sa bhliain 2008 chun lastais GNL a mhealladh agus go raibh fadhbanna táirgiúlachta suntasacha á bhfhulaingt sa RA agus san Iorua araon, agus go raibh ar an Ríocht Aontaithe dul san iomaíocht i gcoinne praghsanna Mór-Roinne arda ola-innéacsaithe, bhí athrú mór sa mhargadh sa bhliain 2009. Bhí an farasbarr soláthair, an t-éileamh níos ísle de bharr an turnaimh agus an dícheangal soiléir ó phraghsanna Mór-Roinne ola-innéacsaithe fadtéarmacha ina dtréithe suntasacha de mhargadh an gháis sa bhliain 2009.

Léiríonn an liosta thíos roinnt de na príomhcheisteanna a tháinig chun cinn i rith 2009:
• Aighneas Gáis na Rúise – na hÚcráine
Ghéaraigh ar an aighneas leanúnach i dtosach na bliana 2009 maidir le soláthar an gháis idir an Rúis agus an Úcráin, ar cuireadh soláthairtí gáis na Rúise bealach na hÚcráine ar fionraí dá bharr. Soláthraíonn an Rúis timpeall ceathrú amháin den ghás nádúrtha a thomhaltar san AE agus 80% de ghás na Rúise chun an AE bealach na hÚcráine. Tháinig de thoradh an aighnis gur thuairiscigh 18 tír Eorpacha íslithe nó ciorruithe móra i soláthairtí gáis ón Rúis a iompraíodh tríd an Úcráin. I lár na haimsire fuaire agus an éilimh láidir d’fhreastail aistarraingtí ón stóráil ar an easnamh sna soláthairtí gáis Eorpacha agus, mar a léirítear sa ghraf thuas, theip ar spotphraghsanna na RA ardú thar 70p/teirm.
• Creatlach scéil teanntachta éilimh/soláthair i margadh gáis na RA:
Lean laghduithe sna soláthairtí ó mhachairí gáis dúchasacha aosaithe sa RA i rith 2009 ach rinne an t-éileamh laghdaithe ar ghás agus méadú i sruthanna GNL chun margadh na Ríochta Aontaithe iad seo a fhritháireamh. Le próifíl aosaithe na machairí gáis dúchasacha rug an Ríocht Aontaithe teist i meath bliain ar bhliain na táirgiúlachta dúchasaí. I nDeireadh Fómhair 2009, d’fhoilsigh an t-oibrí córais, An Eangach Náisiúnta, tuarascáil ag léiriú go dtitfeadh buaicsholáthairtí ó Scarbh Ilchríochach na Ríochta Aontaithe (SIRA) le 6% sa bhliain 2009/10 i gcomparáid le 2008/09. Bhí iontaofacht machairí an SIRA cuíosach ard (85% - 95%) i rith 2009 ag leibhéil níos ísle táirgiúlachta áfach.
• Éifeacht an Turnaimh Eacnamaíoch Dhomhanda
Tháinig de thoradh an turnaimh eacnamaíoch dhomhanda laghduithe suntasacha san éileamh ar fhuinneamh go domhanda. Thuar oibrí córais na Ríochta Aontaithe, An Eangach Náisiúnta, i nDeireadh Fómhair 2009, go dtitfeadh an t-éileamh ar ghás le c. 5% sa Gheimhreadh 2009/10 i gcomparáid le Geimhreadh 2008/09 faoi choiníollacha gnácha aimsire. Chonaic na trí thomhaltóir GNL is mó ar domhan (an tSeapáin, an Chóiré ó Dheas agus an Spáinn) laghduithe bliain ar bhliain arna dtuairisciú in allmhairí GNL idir 7% agus 11% i gcomparáid le 2008.
• Soláthairtí Láidre GNL chun na Ríochta Aontaithe
Rinneadh dhá phríomháis GNL a choimisiúnú ag Milford Haven i rith 2009 agus leathnaíodh toilleadh na háise GNL atá ann faoi láthair ar an Isle of Grain go deireanach sa bhliain 2008. A fhad agus a bhí an Ríocht Aontaithe ag streachailt chun lastais GNL a mhealladh in éadan margaí Áiseacha de phraghas níos airde agus tar éis nach raibh aon soláthar GNL go héifeachtach idir Feabhra 2008 agus Meán Fómhair 2008, rith an t-ádh go suntasach leis an Ríocht Aontaithe sa bhliain 2009 ó thaobh an GNL. Tharla méadú mór i soláthairtí GNL chun na Ríochta Aontaithe de bharr méadú suntasach in infhaighteacht na soláthairtí GNL go domhanda i lár turnaimh dhomhanda agus éileamh laghdaithe GNL sna príomhgheilleagair. Léiríonn an graf thíos an méadú arna athrú de réir céime sna sruthanna GNL chuig an Ríocht Aontaithe le linn na bliana 2009.
• Dícheangal spotphraghsanna na RA ó phraghsanna ola-innéacsaithe na Mór-Roinne:
Go tráidisiúnta faoi mar a bhíonn an Ríocht Aontaithe san iomaíocht le Mór-Roinn na hEorpa do sholáthairtí gáis, thagródh praghas gáis na Ríochta Aontaithe go tipiciúil don phraghas ola-innéacsaithe atá intuigthe ó chonnarthaí mór-roinneacha. Ar chaoi eile theipfeadh ar an ríocht Aontaithe na soláthairtí gáis ábhartha a mhealladh chun freastal ar a éileamh féin. Dhícheangail spotphraghsanna na Ríochta Aontaithe go follasach áfach ó chonnarthaí fadtéarmacha mór-roinneacha ar feadh na bliana 2009 de bharr bhrúcht an GNL i rith 2009 agus titim shuntasach san éileamh ar an ngás go domhanda. A fhad agus a bhí spotphraghsanna na Ríochta Aontaithe ag c. 30p/teirm go meánach i rith 2009 bhí an meán coibhéiseach measúnaithe do chonnarthaí ola-innéacsaithe mór-roinneacha ag c. 55p/teirm. Cuar seo chun tosaigh na Ríochta Aontaithe i. don soláthar amach anseo sna míonna/blianta atá romhainn srl. rug sé freisin teist an dícheangail seo ó phatrúin ola-innéacsaithe.
• An Téarnamh i bPraghsanna na hAmhOla
I rith 2008 go deireanach, i lár ar thit amach óna géarchéimeanna airgeadais agus fianaise shoiléir ar thurnamh domhanda agus éileamh níos ísle ar fhuinneamh mheathlaigh praghsanna na hamhola go céim íseal $36/bairille. I rith na bliana 2009 áfach, i gcontrárthacht le praghsanna titimeacha gáis, théarnaigh praghsanna na hamhola go dtí leibhéal $70 - $80/bairille agus comharthaí éideimhin ann go bhfuil an chuid is measa den turnamh domhanda thart agus go bhfuil na geilleagair atá dian ar fhuinneamh ag tosú ag téarnamh. Léiríonn an graf thíos an téarnamh láidir ar na margaí ola ar feadh na bliana 2009. Thiocfadh ardú i bpraghsanna an gháis go tipiciúil sa Ríocht Aontaithe ar an margadh chun tosaigh de bharr dúbláil na bpraghsanna ola, ach toisc a cheannsaithe atá an margadh gáis agus brúcht na soláthairtí gáis níor tháinig ach fíorbheagán freagartha óna margaí gáis ar an téarnamh sna margaí ola. A fhad agus a d’ardaigh ar phraghas na hamhola ó $45/bairille in Eanáir 2009 go $78/bairille i Nollaig 2009, mheathlaigh praghas an gháis sa bhliain 2010 ar mhargadh na Ríochta Aontaithe ó 58p/teirm go 36p/teirm sa tréimhse chéanna.
• Éileamh/Aimsir
Tharla sraith de thréimhsí fuara le linn gheimhreadh na bliana 2008/09 go háirithe go luath i mí Eanáir 2009 nuair a ráinigh an t-éileamh ar ghás curiarracht ard nach mór 442 méadar ciúbach (mcm). Shriain an turnamh leanúnach agus raidhse na soláthairtí gáis an éifeacht ar an bpraghas a bhí ag an aimsir níos fuaire. I rith na Nollag 2009 ráinigh an t-éileamh arís an leibhéal 440 mcm de bharr tréimhse fhuar eile trasna na Ríochta Aontaithe sular bhris sé gach curiarracht roimhe sin in Eanáir 2010 nuair a ráinigh sé ardchéim nua 462 mcm ar an 8 Eanáir 2010. Chiallaigh an riocht soláthair sláintiúil sa RA áfach, go raibh an córas in ann déileáil go maith leis an éileamh méadaithe agus níor ardaigh ar na spotphraghsanna go suntasach, i gcontrárthacht le blianta roimhe sin.
Mar a sonraíodh thuas, thit go suntasach ar phraghas an gháis ar mhargadh na Ríochta Aontaithe idir spotmhargaí agus mhargaí chun tosaigh. Cheadaigh an titim phraghais mhórdhíola seo d’Fhuinneamh Bord Gáis trí laghdú leanúnacha táille a thabhairt isteach do chustaiméirí cónaitheacha agus SME in imeacht dhá mhí dhéag idir Feabhra 2009 agus Feabhra 2010.
Ionchas do phraghsanna Gáis
Tugann an t-ionchas reatha do phraghsanna gáis don bhliain 2010 le fios go mairfidh an margadh ceansaithe faoi mar a leanann an turnamh domhanda dá éifeacht ar an éileamh ar fhuinneamh agus raidhse soláthairtí infhaighte don Ríocht Aontaithe. Tharlódh áfach go n-ardódh ar phraghsanna gáis sa Ríocht Aontaithe agus comharthaí láidre den téarnamh eacnamaíoch go follasach.
Tá infhaighteacht na n-allmhairí GNL ina dháil ghéibheannach san fhuílleach éilimh/soláthair don bhliain 2010. Is de bharr laghduithe san éileamh ar ghás go domhanda in éineacht le toilleadh nua táirgiúlachta, an infhaighteacht ard reatha GNL. Beidh feidhmíocht an gheilleagair dhomhanda agus a mhéad agus a fhillfidh an t-éileamh ar ghás go domhanda, go háirithe an goile Áiseach do GNL, ina phríomhcheist sa bhliain 2010. Má fhilleann an t-éileamh domhanda, tharlódh go laghdódh ar an méid GNL a ráiníonn an Ríocht Aontaithe faoi mar a bhíonn tosaíocht ag tíortha eile a bhfuil connarthaí acu don GNL agus/nó faoi mar a bheireann na margaí iomaíocha san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus san Áis céim ar an RA ó thaobh praghais.

Beidh praghsanna ola leochaileach arís i leith spíceálacha i rith 2010, ach tá éifeacht mhargadh gáis na Ríochta Aontaithe éideimhin ag glacadh leis go bhfuil sé dícheangailte go follasach ó fhorbairtí an phraghais ola faoi láthair.
Ó thaobh an bhonneagair de, ba chóir go bhfeabhsódh ar riocht soláthair na Ríochta Aontaithe arís i rith na bliana 2010 agus méaduithe toillte pleanáilte ag na háiseanna fáiltithe GNL atá ann faoi láthair.
Soláthar an Leictreachais
Ba í an fhorbairt ba mhó do Sholáthar an Leictreachais sa bhliain 2009 rath an fheachtais Big Switch faoinar athraigh níos mó ná 300,000 custaiméir leictreachais cónaitheacha go Fuinneamh Bord Gáis dá riachtanais leictreachais.
Mhéadaigh ar leibhéal na gníomhaíochta trádála go nádúrtha leis an mbonn méadaithe custaiméara sa leictreachas agus tá Trádáil Bhord Gáis rannpháirteach go gníomhach i gCeantanna bliantúla an Chonartha don Difríocht chun soláthairtí cumhachta a dhaingniú. Allmhairíonn Trádáil Bhord Gáis cuid dá riachtanais soláthair chumhachta ón Ríocht Aontaithe trí idirnascaire na Maoile. Chuir sé seo ar a chumas a sholáthairtí cumhachta a éagsúlú agus soláthairtí iomaíocha a fháil ón Ríocht Aontaithe.
Daingnítear solathairtí cumhachta breise trí chomhaontuithe ceannaigh le feirmeacha gaoithe dúchasacha agus aonaid Chomhcheangailte Teasa agus Cumhachta (CHP) agus freisin socruithe dola le stáisiúin chumhachta Tuirbín Gáis Timthrialla Chomhcheangailte (CCGT). Chabhraigh na huirlisí seo le neamhchosaint Trádáil Bhord Gáis ar phraghsanna laethúla comhchiste ar an Margadh Leictreachais Aonair (SEM) a mhaolú agus chuir sé ar a chumas an deis a thairiscint do na custaiméirí leictreachais níos mó dá chuid chun teacht roimh phriacail phraghais taobh istigh den SEM agus Fuinneamh Bord Gáis do thairiscint rátaí iomaíocha do chustaiméirí cónaitheacha.

Tá sé ina ghné ghéibheannach de straitéis Bhord Gáis infheistiú a dhéanamh ar son fhorás inmharthana an chláir chomhardaithe. Bhunaigh an comhlacht roinn tiomanta chun deiseanna fáis ar na margaí fuinnimh trasna oileán na hÉireann a aithint, a shaothrú agus a fheidhmiú. Is iad na hinfheistíochtaí a saothraíodh iad sin a éascaíonn soláthar an fhuinnimh shláin, iontaofa agus iomaíoch dá chustaiméirí. Tá Bord Gáis ceangailte chun a fhoinse táirgí fuinnimh féin a fhorbairt le go mbeidh an eagraíocht in ann costais fuinnimh a bhainistiú agus a stiúradh ar chaoi éifeachtach agus ionsaitheach.
Chonacthas cur i gcrích eilimintí suntasacha den chlár infheistíochta seo sa bhliain 2009, ag tabhairt do Bhord Gáis punann an-láidir agus éagsúlaithe sócmhainní fuinnimh. Taobh istigh de roinnt blianta sealbhóidh agus oibreoidh Bord Gáis timpeall 1,500MW sócmhainní giniúna leictreachais. Meascán a bheidh sna sócmhainní seo d’fhearas ardéifeachtach gáis nádúrtha, punann mhór ghiniúna gaoithe agus gléasraí buactha gásadhainte a thabharfaidh tacaíocht do spriocanna ghiniúna inathnuaite na hÉireann.
Anuas ar seo, tá Bord Gáis ag iniúchadh a indéanta agus a bheadh sé áis stórála gáis a fhorbairt ar an oileán, trí chuasáin salainn atá dulta as feidhm a úsáid i limistéar Latharna i dTuaisceart Éireann.
Meascán seo na sócmhainní fuinnimh cumasóidh sé Fuinneamh Bord Gáis chun freastal ar riachtanais a chustaiméirí le tairiscintí leictreachais inmharthana agus iomaíocha.
An Phunann Ghiniúna Gaoithe
I Nollaig 2009 fuair Infheistíochtaí Bord Gáis sócmhainní giniúna gaoithe SWS Natural Resources ceann de na gineadóirí gaoithe is mó in Éirinn, i mbeart gnó arbh fhiú thar €500m é. Cuimsíonn gnó SWS Natural Resources 179MW d’fheirmeacha gaoithe oibríocha agus thar 450 MW de thionscadail forbartha is féidir a chraobhú sna trí nó sna ceithre bliana seo chugainn. De bhreis ar an bpunann tionscadal SWS Natural Resources, dhaingnigh Bord Gáis freisin 106 MW breise de thionscadail forbartha feirmeacha gaoithe sa bhliain 2009. Réaladh í an fháil seo ar uaillmhianta Bord Gáis chun a bheith mar ghineadóir glas ar mhórchóir ar oileán na hÉireann.
Ar an iomlán, tá punann ghaoithe fhéideartha 783 MW ag Bord Gáis sa chaoi go bhfuil sé ar cheann de na hinfheisteoirí is mó i dtionscadail inathnuaite in Éirinn. Infheisteoidh Bord Gáis thart ar €950 milliún breise ag tógáil na dtionscadal forbartha, ag méadú go suntasach cáilíocht sócmhainne a chláir chomhardaithe.
Monarcha Chumhachta an Gheata Bháin
Sa bhliain 2007, thosaigh Infheistíochtaí Bord Gáis ar thógáil monarchan cumhachta €400 milliún úrscothaí 445 MW CCGT ag an nGeata Bán i gcontae Chorcaí. Is féidir leis an monarcha seo feidhmiúlacht suas le 58% a chur i gcrích rud a dheimhníonn gur féidir leis na custaiméirí brath ar fhuinneamh iomaíoch ón áis ghiniúna cumhachta choinbhinsiúnach is tathagaí um chomhshaol atá le fáil ar domhan inniu. Féadann an t-aschur ón monarcha cumhacht a sholáthar do suas le 400,000 teach agus beidh sé ar an léibheann bunúsach óna bhfoinseoidh agus óna soláthróidh Fuinneamh Bord Gáis leictreachas don mhargadh Éireannach le go leor blianta amach anseo. Ráinigh an tionscadal roinnt clochmhílte suntasacha sa bhliain 2009, bhí sé 93% críochnaithe faoi dheireadh na bliana agus tá sé in am agus de réir buiséid. Cuireadh an ‘chéad adhaint’ den mhonarcha i gcrích ar an gcéad ráithe de 2010 agus tá an tionscadal ar sceideal chun Dáta Oibrithe Tráchtála a chur i gcrích in Iúil 2010.

Le linn 2009, d’oibrigh Infheistíochtaí Bord Gáis go dlúth leis na páirtithe áitiúla uile agus na gníomhaireachtaí chun a dheimhniú gur saothraíodh an tionscadal tógála ar an gcaoi ab inmharthana agus a d’fhéadfaí a chur i gcrích.
Monarcha Bhuactha Chumhachta
De bhreis ar fhorbairt na monarchan cumhachta ag an nGeata Bán, leanann Bord Gáis air chun réitigh ghiniúna cumhachta a shaothrú a chuireann ar fáil soláthar solúbtha, éifeachtach na cumhachta do chóras leictreachais na hÉireann. Tá sé ag féachaint le hinfheistiú a dhéanamh i dTuirbíní Gáis Timthrialla Oscailte (OCGT) a chuirfidh ar fáil modh tapaidh agus solúbtha freagartha ar riachtanais úsáide athraitheacha na gcustaiméirí.
Anuas ar seo, comhlánóidh monarchana solúbtha éifeachtacha OCGT eatramhacht na gaoithe, ag barrfheabhsú méid na giniúna gaoithe ar féidir freastal air ar eangach leictreachais na hÉireann. Tairgeann monarchana tuirbín gáis den chineál seo coigealtas mór carbóin thar mhonarchana is lú éifeacht díosaladhainte solúbtha sa chaoi go dtabharfaidh na monarchana seo tacaíocht d’fheidhmiú sprioc Rialtais na hÉireann i ndáil le hearraí in-athnuaite (earraí in-athnuaite do fhreastal ar 40% de na riachtanais fuinnimh roimh 2020).
Sa bhliain 2009 thionscain Bord Gáis Comhfhiontar 50/50 le Mountside Properties chun Greener Ideas Limited (GIL) a bhunú agus an tionscadal OCGT a chur chun cinn. Tá taithí ghiniúna cumhachta shuntasach ag Mountside Properties agus oibríonn sé Monarcha Chumhachta Tynagh.
Sa bhliain 2009, dhaingnigh GIL lánchead pleanála do mhonarcha sholúbtha ar thrí láithreán (Áth Luain, Cill Chainnigh agus An Chathair) agus shínigh sé freisin Tairiscintí Nascachta Eangaí ar na láithreáin chéanna. Fuair an comhfhiontar seilbh ar an dá láithreán seo sa bhliain 2009 agus ceannach an tríú láithreán á thabhairt chun críche faoi láthair. Tá sé pleanáilte ag GIL na tionscadail a chur chun cinn go gníomhach i rith 2010.
Áis Stórála Gáis
Sa bhliain 2008, bhunaigh Infheistíochtaí Bord Gáis an cuibhreannas Stórála Soir ó thuaidh le Storengy (comhlacht de chuid GDF-Suez) chun forbairt áis stórála gáis chuasán salainn a chur chun cinn i limistéar Latharna i dTuaisceart Éireann. Tá feidhmiú na gcuasán salainn do stóráil an gháis tugtha faoi deara le fada an lá trasna an domhain mar an modh is feidhmiúla agus is éifeachtaí trínar féidir gás a stóráil agus a astoascadh mar fhreagairt ar an mbuaicéileamh. Thabharfadh áis stórála dhúchasach den scála seo aghaidh ar chúraimí slándála an tsoláthair do chustaiméirí fuinnimh in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas agus buntáisti iomaíocha a chur sa mhargadh fuinnimh uile-oileáin.
Sa bhliain 2009, chríochnaigh an cuibhreannas Stórála Soir ó Thuaidh suirbhé uileghabhálach seismeach ag clúdú limistéir 25km2. Fuarthas toiliú ó níos mó ná 200 úinéir talún chun dul isteach ar a gcuid talún chun cáblaí a leagan agus 1,758 poll san iomlán a dhruileáil. Ba í aidhm an tsuirbhé doimhne, tiuibhe agus tréithe an chiseal salainn a shocrú a d’aithin suirbhéithe geotheicniúla roimhe seo sa limistéar.
Tá sonraí an tsuirbhé á bpróiseáil agus á n-anailísiú ag saineolaithe san Fhrainc. Táthar ag súil le torthaí an tsuirbhé sa dara ráithe de 2010 agus socróidh siad a indéanta agus atá sé na cuasáin a fhorbairt don stóráil gháis. Má bhíonn na torthaí seo spreagthach, seolfaidh an cuibhreannas druileáil tástálach go doimhne míle amháin chun croíshampla salainn a fháil.
Tá sonraí breise agus nuashonrú rialta faoin tionscadal le fáil ar shuíomh idirlín tiomanta an tionscadail www.northeaststorage.com