Próifíl an Bhoird

 

Rose Hynes

 

Ceapadh Rose Hynes ar an mBord i mí an Mheithimh 2006 agus ceapadh ina Cathaoirleach í i mí Iúil 2009. Déanann an tUasal Hynes cathaoirleacht ar an gCoiste Luach Saothair agus is comhalta í chomh maith den Choiste Infheistíochta/Bonneagair. Is dlíodóir í an tUasal Hynes; is comhalta í de Chúirt Bhanc na hÉireann agus tá sí ina comhalta freisin ar a Coistí Iniúchóireachta, Luach Saothair agus Riosca. Is í an Stiúrthóir Neamhspleách Sinsearach í ar Total Produce plc, Cathaoirleach ar a Choiste Luach Saothair agus is comhalta í dá Choistí Iniúchóireachta agus Ainmniúcháin. Is stiúrthóir í ar roinnt cuideachtaí eile freisin. Bhí roinnt post mar fheidhmeannach sinsearach ag an Uasal Hynes le GPA Group plc agus is iarchomhalta boird í ar roinnt cuideachtaí lena n-áirítear Shannon Airport Authority plc, Aer Lingus Group plc agus Concern.

   

John Mullins

 

Ceapadh John Mullins ina Phríomhfheidhmeannach ar Bhord Gáis i mí na Nollag 2007 agus ceapadh ar an mBord é freisin i mí na Nollag 2007. Is comhalta é ar an gCoiste Infheistíochta / Bonneagair. Bhí poist bainistíochta sinsearach ag John le Greenstar, BSL, BSL Idirnáisiúnta agus PricewaterhouseCoopers agus bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Bioverda, cuid den Ghrúpa NTR plc, sular tháinig sé go Bord Gáis. Is Comhalta de Engineers Ireland é John agus is comhalta é de Choiste Rialaithe Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus de Bhord Chomhlachas Tráchtála Chorcaí.

   

Laurence Crowley

 

Ceapadh Laurence Crowley ar an mBord i mí Lúnasa 2009. Is comhalta é an tUasal Crowley den Choiste Iniúchóireachta agus Airgeadais agus den Choiste Riosca. Tá sé ina Chathaoirleach ar Gaisce – Gradam an Uachtaráin, Amharclann an Gheata, Middletown Centre for Autism, Ecocem Materials agus Realex Payments agus is Comhchathaoirleach é ar an North South Roundtable Group. Is comhalta é de bhord Aer Lingus Group plc, den Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus de Bhord Comhairleach Chomhaontas Stáit Aontaithe Mheiriceá-Na hÉireann. Roimhe seo bhí an tUasal Crowley ina stiúrthóir agus ina dhiaidh sin ina Ghobharnóir ar Bhanc na hÉireann, ina Chathaoirleach Feidhmiúcháin ar Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus mar iar-stiúrthóir ar Rothmans International plc agus Elan Corporation plc.

   

Aidan Eames

 

Ceapadh Aidan Eames ar an mBord i mí an Mhárta 2004 agus athcheapadh é i mí an Mheithimh 2009. Is cathaoirleach é an tUasal Eames ar an gCoiste Riosca agus is comhalta é den Choiste Iniúchóireachta agus Airgeadais. Is é an Príomh-Aturnae é le hAturnaetha Eames, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina Chathaoirleach agus ina chomhalta de chomhlachtaí éagsúla stáit agus is comhairleoir é ag príomhchuideachtaí tráchtála, teicneolaíochta agus teileachumarsáide.

   

Proinsias Kitt

 

Is comhalta den Bhord é Proinsias Kitt ó mhí Aibreáin 2002. Déanann an tUasal Kitt cathaoirleacht ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Airgeadais agus is comhalta é den Choiste Riosca. Is Comhpháirtí Bainistíochta é sa ghnólacht comhairleach gnó Cuntasóirí Cairte DHKN, a bhfuil oifigí acu i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath agus le níos mó ná 100 ball foirne is é ceann de na cleachtais neamhspleácha Iniúchóireachta/Chánachais/ Chuntasóireachta is mó in Éirinn. Le fiche a cúig bliain anuas tá an tUasal Kitt tar éis comhairle a chur ar fáil maidir le hidirbhearta suntasacha tráchtála san earnáil fiontraíochta phríobháideach agus phoiblí agus tá saineolas ar leith aige maidir le gnóthais dhúchasacha úinéir-bhainistithe Éireannacha. Is Comhalta é d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn agus chaith sé seal ar a Coiste Cleachtas Ginearálta agus is Comhalta é den Chumann Iniúchóireachta Inmheánaí.

   

Joe O’Flynn

 

Ceapadh Joe O’Flynn, Ard-Rúnaí an Chumainn Seirbhísí, Thionsclaíoch, Ghairmiúil agus Theicniúil (SIPTU), ar an mBord i mí na Samhna 2008 mar an Comhalta Boird ainmnithe ag an ESOP. Is comhalta é an tUasal O’Flynn den Choiste Iniúchóireachta agus Airgeadais agus den Choiste Infheistíochta/Bonneagair. Is iar-Ardmhéara ar Chathair Chorcaí é agus is iar-Chomhairleoir Cathrach é. Is stiúrthóir é freisin ar thrí chomhlacht atá cleamhnaithe le SIPTU; an Institiúid um Fhorbairt Seirbhísí le Fostaíocht a Chur Chun Cinn, Iontaobhas na gCeardchumann in Éirinn agus Ionad Larcon – an comhlacht rialúcháin le haghaidh Lárionad Halla na Saoirse do na hEalaíona Taibhiúcháin. Is é Cisteoir Chomhar Ceardchumann na Éireann é agus is comhalta freisin é dá Chomhairle Feidhmiúcháin.

   

Pearse O’Hanrahan

 

Ceapadh Pearse O’Hanrahan, sainchomhairleoir pleanála agus gnó, ar an mBord i mí na Nollag 2002 agus athcheapadh é le héifeacht ó mhí na Nollag 2007. Is é an tUasal O’Hanrahan Cathaoirleach an Choiste Infheistíochta/Bonneagair agus is comhalta de na Coistí Luach Saothair agus Riosca é. Is é Cathaoirleach Chuideachta Phort Dhún Dealgan é agus is Comhalta Boird é de Chomhlachas Tráchtála Dhún Dealgan. Is iar-Chathaoirleach é an tUasal Hanrahan freisin ar Chomhairle Baile Dhún Dealgan agus is iar-leasChathaoirleach ar an nGníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine é.

   

 

Mike O’ Hara

 

Ceapadh Mike O’Hara ar an mBord i mí na Nollag 2007 agus tá sé ar an gCoiste Luach Saothair. Is é an tUasal O’Hara Leas-Uachtarán Oibríochtaí an Ghrúpa ag Corparáid Boston Scientific agus tá sé freagrach as go leor láithreáin déantúsaíochta in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe. Tá níos mó ná 20 bliain taithí aige i dTionscal Ilnáisiúnta na bhFeistí Leighis in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

   

Laurence K. Shields

 

Ceapadh Laurence K. Shields ar an mBord i mí an Mheithimh 2009 agus is comhalta é den Choiste Infheistíochta/Bonneagair agus den Choiste Luach Saothair. Tá sé mar Chathaoirleach ar Dhlíodóirí LK Shields, Baile Átha Cliath agus is é an comhpháirtí bunaidh é. Chaith an tUasal Shields seal mar Uachtarán ar Dhlí-Chumann na hÉireann agus mar Uachtarán ar Chomhlachas Barra Aturnaetha Bhaile Átha Cliath. Is iar-Stiúrthóir agus iar-Stiúrthóir Malartach ar Irish Takeover Panel Limited é. Is Comhalta é d’Institiúid Chairte na nEadránaithe, is Idirghabhálaí Creidiúnaithe é agus is stiúrthóir é ar roinnt cuideachtaí.