Mar gheall ar Bhord Gáis Éireann

 

Bunaíodh Bord Gáis Éireann sa bhliain 1976 chun an gás nádúrtha a fhorbairt in Éirinn tar éis gur thángthas ar ghás nádúrtha amach ón gcósta ó dheas. Comhlacht tráchtála stáit é ag feidhmiú in earnáil an fhuinnimh. Is é rialtas na hÉireann príomhúinéir Bord Gáis agus clár suite chun 3.27% den stoc caipitiúil a aistriú go Plean Úinéireachta um Scair Fostaí in ómós coigiltis inathraithe. Fostaíonn an comhlacht 1,000 duine nach mór agus tá a cheanncheathrú i gCathair Chorcaí, in Éirinn.

 

Ba chomhlacht traiseolta gáis é ó bhunús agus chuaigh sé i gceann chomhlachtaí gháis na mbailte i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach i rith na n-ochtóidí. Ó 1995 tháinig iomaíocht de réir a chéile sa mhargadh gáis in Éirinn agus an lánmhargadh ag sroicheadh an leibhéil chónaithigh sa bhliain 2007.

 

Soláthraí ceannasach fuinnimh é Bord Gáis inniu ag freastal ar thart ar 640,000 úsáideoir gáis i 152 lárionad daonra in Éirinn. Thóg Bord Gáis agus sealbhaíonn sé 13,150km píblínte gáis lena n-áirítear dhá idirnascaire faoi mhuir le hAlbain óna bhfaigheann Éire thar 93% dá soláthairtí gáis. Tá idir ghnó traiseolta phíblíne agus ghnó soláthair/dáilte i dTuaisceart Éireann ag Bord Gáis.

 

Agus é ag baint buntáiste as an léirscaoileadh ar na margaí fuinnimh, chuaigh Bord Gáis isteach i ngnó an mhargaidh sholáthair leictreachais sa bhliain 2001 agus coiníonn sé anois 12% den lánmhargadh soláthair leictreachais sin, i ndiaidh dó 300,000 custaiméir leictreachais a aimsiú tar éis gur láinseáladh é isteach sa mhargadh cónaitheach leictreachais sa bhliain 2009. Tá sé ag tógáil stáisiún cumhachta 445MW gásadhainte ag an nGeata Bán i gContae Chorcaí, feidhmíonn sé 218MW de ghiniúint ghaoithe agus tá sé ag forbairt na ngléasraí buactha agus punann suntasach maidir le forbairt na bhfeirmeacha gaoithe i suímh éagsúla ar fud na tíre.

 

Tá trí phríomhghnó taobh istigh de Ghrúpa Bord Gáis, arna dtacú ag feidhmeanna corparáideacha:

 

Bord Gáis Energy   Gaslink   Bord Gáis Networks
Gnó débhreosla uile-oileáin é Fuinneamh Bord Gáis a fhreastlaíonn ar thart ar 950,000 custaiméir gáis agus leictreachais a chuireann ar fáil seirbhís eiseamláireach ar phraghsanna iomaíocha ag soláthar fuinnimh go héifeachtúil ar mhargaí mórdhíola agus ag infheistiú i sócmhainní fuinnimh chun a aidhmeanna foráis a thacú ar na margaí fuinnimh in Éirinn.   Bunaíodh Gaslink mar oibritheoir córais neamhspleách gáis d’Éirinn ag teacht le riachtanais Treoir Gháis AE 2003 don díchuachadh dleathach. Ghlac Gaslink de fhreagracht air féin forbairt, cothú agus oibriú na líonraí traiseolta agus dáilte in Éirinn i Mí Iúil 2008. Leanann Líonraí Bord Gáis orthu chun an chuid is mó den obair seo a chur i bhfeidhm mar sholáthraí seirbhíse do Gaslink. Tá Bord Gáis i gcónaí i seilbh bhonneagar an gháis.   Tógann agus oibríonn Líonraí Bord Gáis na líonraí gáis nádúrtha in Éirinn go príomha thar ceann Gaslink. Oibríonn sé freisin na píblínte sin atá i seilbh Bhord Gáis i dTuaisceart Éireann. Tá Líonraí Bord Gáis freagrach freisin as naisc nua gháis agus as obair ar phíopaí seirbhíse agus méadair ag áitribh na gcustaiméirí. Riarann sé an tseirbhís freagartha éigeandála 24 uair agus déileálann sé le 20,000 glao allamuigh in aghaidh na bliana.